Bhí cónaí ar mhuintir Dursley in uimhir a ceathair Privet Drive, agus é le maíomh acu go raibh siad an-normálta go deo, agus iad breá sásta de. Ba iad an dream deireanach iad a samhlófá rud ar bith ait ná aduain leo, mar ní raibh luí ar bith acu le hamaid i den sórt sin.
Bhí Mr Dursley ina stiúrthóir ar chomhlacht Grunnings, comhlacht déanta druilirí. Fear mór féitheogach feolmhar a bhí ann, gan muineál ar bith ab fhiú, ach croiméal mór millteach air. Bhí Mrs Dursley beag tanaí, gruaig fhionn uirthi, agus dóthain beirte de mhuineál uirthi, agus gnó aici de agus í chomh minic sin ag breathnú thar bharr claíocha ag spiaireacht ar na comharsana. Bhí maicín beag acu darbh ainm Dudley agus é, dar leo, ar ghasúr chomh breá is a bhí ar dhroim an domhain.
A BhridEilis, go raibh míle maith agat! Tá an taifeadadh seo ionach cuidiúil:)
Ádh mór,
Rua