Do you want to get language learning tips and resources every week or two? Join our mailing list to receive new ways to improve your language learning in your inbox!
Join the list
30
Words
/
0 Comments
[ Show Text ]
|
Good morning. Maidin mhaith.
Hello. Dia dhuit.
Bye. Slán.
Thank you. Go raibh maith agat.
Have a nice day. Bíodh lá deas agat.
The weather looks nice. Tá an aimsir ag breathnú go breá.
Did you sleep well? Ar chodáil tú go maith?
Nice talking to you. Is deas labhairt leat.
Nice to meet you. Is deas bualadh leat.
See you soon. Feicfidh mé go gairid thú.
Cheers. Slán. Or Sláinte if you mean a toast.
29
Words
/
0 Comments
[ Show Text ]
|
Good Morning. Maidin Mhaith.
Good afternoon. Trathnóna Maith.
Good night. Oíche Mhaith.
Nice to meet you. Is deas bualadh leat.
The weather is nice. Tá an aimsir go breá.
Did you have a nice lunch? An raibh lón deas agat?
Nice talking to you. Is deas labhairt leat.
See you. Feicfidh mé thú.
Bye. Slán.
Thank you. Go raibh maith agat.
337
Words
/
0 Comments
[ Show Text ]
|
An Mála Airgid
Lá amháin bhí fear bocht ag siúl abhaile nuair a chonaic sé mála beag ar an talamh. Phioc sé suas é agus d' oscail sé é. Bhí ionadh an domhain air nuair a chonaic sé cad a bhí istigh ann -- cúig nóta deich bpunt. Cad ba cheart dó a dhéanamh leis?
Bhí a fios aige go mbeadh duine éigin ag lorg an airgid. Ach bhí sé féin an-bhocht agus ba mhaith leis an t-airgead a choimeád chun rudaí a cheannach dá chlann. Bhí sé i gcruachás.
Caillte: Mála airgid.
Duais don duine a fhaigheann é.
Tuilleadh eolais le fáil anseo.
Ar an bpointe shocraigh sé an t-airgead a thabhairt ar ais don duine a chaill é agus as go brách leis go dtí teach an duine sin.
Fear saibhir a bhí ann. Bhí an-áthas air an t-airgead a fháil ar ais. Ach fear santach ba ea é agus níor theastaigh uaidh duais a thabhairt don fhear bocht. Thosaigh sé ag a chomhaireamh an t-airgead.
"... Tríocha, daichead, caoga."
Níl ach caoga punt ann!" a dúirt sé leis an bhfear bocht.
"Sea," ar seisean. "Sin díreach an méad a bhí sa mhála.
An tabharfaidh tú an duais dom anois?"
"Duais!" arsa an fear saibhir. "Ní bhfaighidh tú duais ar bith uaimse. Bhí céad punt sa mhála nuair a chaill mise é. Níl ann anois ach caoga punt. Ghoid tú a leath, is dócha."
Thosaigh an bheirt ag argóint le chéile. Faoi dheireadh chuaigh siad go dtí an breithneamh sa chúirt.
D'éist an breitheamh leis an mbeirt fhear.
"Deir tusa go raibh céad punt sa mhála nuair a chaill tú é," ar seisean leis an bhfear saibhir.
"Deirim, cinnte," arsa an fear saibhir.
"Agus deir tusa nach raibh sa mhála ach caoga punt nuair a fuair tú é," ar seisean leis an bhfear bocht.
"Cinnte, ní raibh ann ach caoga," arsa an fear bocht.
"Bíodh an mála airgid agatsa, mar sin," arsa an breitheamh leis an bhfear bocht. Ní leis an bhfear saibhir an mála seo in aon chor!"
To make a new Audio Request or Script Request, click on Make a Request at the top of the page.
To record or transcribe for users learning your language, click on Help Others at the top of the page.
Recording and transcribing for other users will earn you credits and also move your own Requests ahead in the queue. This will help you get your requests recorded and/or transcribed faster.