Psst...

Do you want to get language learning tips and resources every week or two? Join our mailing list to receive new ways to improve your language learning in your inbox!

Join the list

Irish Audio Request

roddyaleixo
337 Words / 1 Recordings / 0 Comments
Note to recorder:

Just a little slower than natural speed, please. Thank You!

An Mála Airgid

Lá amháin bhí fear bocht ag siúl abhaile nuair a chonaic sé mála beag ar an talamh. Phioc sé suas é agus d' oscail sé é. Bhí ionadh an domhain air nuair a chonaic sé cad a bhí istigh ann -- cúig nóta deich bpunt. Cad ba cheart dó a dhéanamh leis?

Bhí a fios eige go mbeadh duine éigin ag lorg an airgid. Ach bhí sé féin an-bhocht agus ba mhaith léis an t-airgid a choimeád chun udaí a cheannach dá chlann. Bhí sé i gcruachás.

Caillte: Mála airgid.
Duais don duine a fhaigheann é.
Tuilleadh eolais le fáil anseo.

Ar an bpointe shocraigh sé ar an airgead a thabhairt ar ais don duine a chaill é agus as go brách leis go dtí teach an duine sin.
Fear saibhir a bhí ann. Bhí an-áthas air an t-airgead a fháil ar ais. Ach fear santach ba ea é agus níor theastaigh uaidh duais a thabhairt don fhear bocht. Thosaigh sé ar an airgead a chomhaireamh.

"... Tríocha, daichead, caoga."
Níl ach caoga punt!" a dúirt sé leis an bhfear bocht.
"Sea," ar seisean. "Sin díreach an méad a bhí sa mhala.
An tabharfaidh tú an duais dom anois?"

"Duais!" arsa an fear saibhir. "Ní bhfaighidh tú duais ar bith uaimse. Bhí céad punt sa mhála nuair a chaill mé é. Níl ann anois ach caoga punt. Ghoid tú a leath, is dócha."
Thosaigh an bheirt ag argóint le chéile. Faoi dheireadh chuaigh siad go dtí an breithneamh sa chúirt.

D'éist an breitheamh leis an mbeirt fhear.
"Deir tusa go raibh céad punt sa mhála nuair a chaill túé," ar seisean leis an bhfear saibhir.
"Deirim, cinnte," arsa an fear saibhir.

"Agus dier tusa nach raibh sa mhála nuair a chaill tú é," ar seisean leis an bhfear bocht.
"Cinnte, ní raibh ann ach caoga," arsa an fear bocht.

"Bíodh an mála airgid agatsa, mar sin," arsa an breitheamh leis an bhfear bocht. Ní leis an bhfear saibhir an mála seo in aon chor!"

Recordings

  • An Mála Airgid ( recorded by BridEilis ), Connemara accent,Galway accent,Irish accent

    Download Unlock
    Corrected Text
    more↓

    An Mála Airgid

    Lá amháin bhí fear bocht ag siúl abhaile nuair a chonaic sé mála beag ar an talamh. Phioc sé suas é agus d' oscail sé é. Bhí ionadh an domhain air nuair a chonaic sé cad a bhí istigh ann -- cúig nóta deich bpunt. Cad ba cheart dó a dhéanamh leis?

    Bhí a fios aige go mbeadh duine éigin ag lorg an airgid. Ach bhí sé féin an-bhocht agus ba mhaith leis an t-airgead a choimeád chun rudaí a cheannach dá chlann. Bhí sé i gcruachás.

    Caillte: Mála airgid.
    Duais don duine a fhaigheann é.
    Tuilleadh eolais le fáil anseo.

    Ar an bpointe shocraigh sé an t-airgead a thabhairt ar ais don duine a chaill é agus as go brách leis go dtí teach an duine sin.
    Fear saibhir a bhí ann. Bhí an-áthas air an t-airgead a fháil ar ais. Ach fear santach ba ea é agus níor theastaigh uaidh duais a thabhairt don fhear bocht. Thosaigh sé ag a chomhaireamh an t-airgead.

    "... Tríocha, daichead, caoga."
    Níl ach caoga punt ann!" a dúirt sé leis an bhfear bocht.
    "Sea," ar seisean. "Sin díreach an méad a bhí sa mhála.
    An tabharfaidh tú an duais dom anois?"

    "Duais!" arsa an fear saibhir. "Ní bhfaighidh tú duais ar bith uaimse. Bhí céad punt sa mhála nuair a chaill mise é. Níl ann anois ach caoga punt. Ghoid tú a leath, is dócha."
    Thosaigh an bheirt ag argóint le chéile. Faoi dheireadh chuaigh siad go dtí an breithneamh sa chúirt.

    D'éist an breitheamh leis an mbeirt fhear.
    "Deir tusa go raibh céad punt sa mhála nuair a chaill tú é," ar seisean leis an bhfear saibhir.
    "Deirim, cinnte," arsa an fear saibhir.

    "Agus deir tusa nach raibh sa mhála ach caoga punt nuair a fuair tú é," ar seisean leis an bhfear bocht.
    "Cinnte, ní raibh ann ach caoga," arsa an fear bocht.

    "Bíodh an mála airgid agatsa, mar sin," arsa an breitheamh leis an bhfear bocht. Ní leis an bhfear saibhir an mála seo in aon chor!"

Comments